PÁDRAIC SEOIGHTHE (R.I.P.) - 1920 - 1987

Rugadh Pádraic Seoighthe i Maigh Mhuilinn, an Currán sa bhliain 1920. Tháinig sé ar ais go hAcaill i 1942 ag muineadh agus ní raibh se i bhfad go ndeachaigh sé i mbun eagrú cursaí Chumann Lúthchleas Gael sa pharáiste. Sa bhliain 1949 bhunaigh Pádraic, Donnacha Ó Gallchobhair agus sagairt an pharáiste Comórtas an Chorn Acla. D'fhás an comórtas ó neart go neart agus síos tríd na blianta ó shin i leith 'sé an comórtas seo mar bhunchloch agus cliabhán do Chlub Acla.
D'imir Pádraic a chuid peile le fuireann Chill Damhnait i gcomórtas an Chorn Scannláin ag buachaint an comórtais i 1959. Bhuaigh sé craobh Mhuigheo Thiar agus craobh an chondae le hAcaill i 1942, arís le foireann na Mala Raithnigh i 1949 agus craobh Mhuigheo Thiar i 1958. 
D'fhreastal Pádraic ar feadh dhá bhliain déag mar rúnaí ar Chlub Acla agus ina dhiaidh sin mar chathaoirleach. Bhí sé ar bhord an chondae mar chláraitheoir ar feadh blianta chomh maith.  
Bhí sé ina roghnóir ar fhuireann mionúirí an chondae agus ó 1980 go 1985 bhí sé ina uachtarán ar bhord na mionúr.  
Ní baol go ndéanfar dearmad shaothar Phádraic ar shon Chumann Lúthchleas Gael in Acaill mar i 1988 chuir ceathrar iar-pheileadóirí as Cill Damhnait, agus iad ar imirce i Sasana, corn álainn - Corn Chuimhneacháin Phádraic Seoighthe - ar fáil dá chuimhne. Is do chomórtas mionúr a imrítear é. 
"Maireann an chraobh ar an bhfál cé nach maireann an lámh do chur."
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Pádraic Seoighthe, or "Seoighthe" as he was fondly known, was born in Meewellin, Currane in 1920. He returned to Achill in 1942 to teach and immediately began organising Gaelic games in the Parish. In 1949 Pádraic was one of the founding members, along with Denis Gallagher and Father Godfrey, of the Corn Acla competiton, a schools' competition which has grown from strength to strength down the years. 
In his playing days, Pádraic was a member of the 1959 Scanlon Cup winning side of Kildamhnait. He won west Mayo junior championship and county title in 1942 with Achill and again in 1949 with the combined Mulranny team and West Mayo championship in 1958.  
Pádraic served for up to tweleve years as secretary of the Achill GAA Club before taking on the role of chairman. He was also a member of the Mayo County Board for a considerable period of time.  
He was a selector on the Mayo minor panel and from 1980 to 1985 he was president of the Mayo Minor Board.  
It isn't any wonder that Pádraic's life-long commitment to the GAA in Achill didn't go unnoticed when in 1988 four former Kildamhnait footballers, living in England, presented to the Achill GAA Club a beautiful cup - the Pádraic Seoighthe Memorial Cup - to be played for in his memory by the minor teams within the Achill area..   
 
DONNACHA Ó GALLCHOBHAIR (R.I.P.) 1922 - 2001
Rugadh Donncha Ó Gallchobhair ar leithinis an Chorráin i 1922. Tháinig sé ar ais go dtí a pharáiste dúchais mar mhúinteoir in 1946, tréis dó dhá bhliain a chaitheamh ag múinteoireacht i mBaile Átha Cliath.
Ar theacht go hAcaill dó tharraing sé ar an chleachtadh agus taithí a bhí aige ar eagrú cúrsaí spóirt agus cluichí mar rúnaí ar Chumann Peile Clanna Gael i mBaile Atha Cliath nuair a bhunaigh sé féin, Pádraic Seoighthe agus an tAthair Godfrey Cumann Cleasa Lúth Acla agus comórtas an Corn Acla i 1949.
Bhuaigh sé craobh Mhuigheo Thiar agus craobh an chondae le hAcaill i 1942 agus arís le foireann na Mala Raithnigh i 1949 agus craobh Mhaigh Eo Thiar i 1958. Bhí sé mar bhall d'fhuireann Chorn Scannláin Chill Damhnait a bhuaigh an comórtas i 1959.
D'fhreastal Donncha mar chathaoirleach ar Club Acla, ar Choiste Mhuigheo Thiar, ar bhord an Chondae, agus ar Chomhairle Chonnachta. Go deimhin bhí go leor díomách nár toghadh é mar Uachtarán ar Chumann Lúth Chleas Gael.
Toghadh é mar Chomhairleoir Condae, mar Theachta Dála agus ceapadh é mar Aire Gaeltachta agus mar Aire Stáit i 1977. Eisean a bhunaigh eagraíocht Údárás na Gaeltachta an lae inniú, ar a d'fhreastal sé mar chathaoirleach ar fea roinnt blianta.
Ceapadh é mar Uachtarán ar an Oireachtas chomh maith i 1996.
Ní bheidh a leithéid ann arís. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Denis Gallagher was born in Currane in 1922 and returned to his native Parish as a National School Teacher in 1946 having spent two years teaching in Dublin.  
On his return to Achill he drew on his experience and skills in organising gaelic games games and sporting events, which he acquired as secretary of the Clanna Gael GAA Club in Dublin.  
Denis, Pádraic Seoighthe and Father Godfrey founded the Achill Athletics Club and the Corn Acla competition in 1949.  
He won a west Mayo junior championship and the county title with Achill in 1942 and again with Mulranny in 1949 and West Mayo Championship in 1958. He was also a member of Kildamhnait winning side of the Scanlon Cup competition in 1959.  
Denis served as Chairman of the Achill GAA Club, the West Mayo Board, the County Board and the Connacht Council. Many were disappointed that he was never elected as president of the GAA itself.  
In 1977, he was appointed Minister for the Gaeltacht by former Taoiseach, Mr. Jack Lynch, and it was during his Ministerial tenure that Udarás na Gaeltachta was set up, a development agency for Gaeltacht areas that he later became its Cathaoirleach after he had stepped down from national politics. He was also elected President of the Oireachtas in 1996.